Download Print deze pagina

NRS T2-HAVOC Handleiding pagina 15

Helm voor kanoën en wildwatersporten

Advertenties

Déanadh an clogad seo faoi chúinsí diana agus deimhnítear é de réir an caighdeán seo a
leanas: {EN 1385 : 04/2012] – clogad le haghaidh curachóireacht agus spóirt bhánuisce agus
Treoireachta le Trealamh le haghaidh Cosaint Pearsanta : 2016/425.
AIRE! Tugann clogaid teastaithe an cosaint is fearr don chloigeann in aghaidh timpistí ach, le
do thoil tóg nóta nach bhfuil aon chlogad doscriosta agus bíonn baol ann go dtarlóidh gortaithe
cloiginn i gcónaí. Ní féidir le haon chlogad an caiteoir a chosaint ó chuile thimpiste beo. Ag braith
ar an chineal bualadh, is féidir gortú cloiginn a bhaint amach nó bás a fháil fiú i gcás timpiste
ar luas mall. Roimh úsáid, déan cinnte go bhfuil an clogad in áit i gceart. Léigh go cúramach
an lámhleabhar treoireacha sula n-úsáideann tú do chlogad le feidhmniú, cúram agus úsáid an
chlogaid a thuiscint i gceart. Le do thoil, coinnigh an lámhleabhar seo comh fada is atá an clogad
seo agat.
1) Úsáid
Déanadh an clogad seo le cuid den fuinneamh a bhaineann le bualadh a hionsúigh. Níl sé oiriúnach
do: mótarspórt, móipeid nó aon sórt feithiclí innealta eile. AIRE! Le do thoil tóg nóta go bhfuil sé
riachtanach do pháistí a gclogaid a bhaint sula dtéann siad isteach i gclós súgartha. Ní ceart don
chlogad seo a bheith in úsáid ag páistí agus iad ag dreapeadh nó nuair atá baol chrochadh ann nó
iad fhéin a chrochadh, sa gcás go bhfaigheann an páiste i bhfostú leis an gclogad.
2) Oir optamach agus Socrú
Chun go líonfar a feidhm cosanta, caithfidh go mbeidh do chlogad in oiriúnt go hiomlán le do
chloigeann. Caithfidh go socraítear é chun go mbeidh an taobh chun tosaigh léibhéal leis an cúl,
agus i gcomhtreomhar leis an talamh, chun go ndéanann tú cinnte go bhfuil tú in ann a fheiceáil go
soiléir agus nach bhfuil do radharc imeallach blocáilte.
3) Ag Déanamh ag Taos a Fháisceadh
Is féidir an córas éasca le n-úsáid a leanúint chun an clogad a fháisceadh go dtí taos cinn ceart an
duine. Cas an roth cóiriúcháin ar chúl an chlogaid chun trastomhas an fáinne cinn a chóiriú do do
cheann. Le chinntiú go bhfuil an clogad cóirithe i gceart, creath do cheann; ní ceart go mbogfaidh
an clogad chun tosaigh, siar nó ar an taobh.
4) Ag Cóiriú na Strapaí
Agus tú ag caitheamh an clogaid don chéad uair, le do thoil déan na strapaí a
chóiriú chun go gcasann siad go teann agus go compordach faoi na cluasa. Déan
na strapaí a chóiriú chun go ndéantar 'Y' ag an gcrosaire díreach faoi na cluasa gan
é a chlúdú. Caithfear an strapa dul faoin mbéal agus gearr don scórnach, agus ní
ceart go mbeadh sé in aice na smige. Déan fad an strapa a chóiriú chun go bhfuil
sé compordach ach teann, ag úsáid na sleamhnáin plastacha agus an búcla smige. Le feiceáil
an bhfuil na strapaí cóirithe i gceart, cuir ort do chlogad, búcla agus déan é a scaoileadh. Oscail
do bhéal. Ba cheart teannas beag a aireachtáil in aghaidh do scórnach. Déan iarracht an clogad
an tharraingt ón taobh chun tosaigh, agus ón chúl; ní ceart do bogadh. Má bhogann sé, déan
na strapaí a chóiriú agus déan iad a fháisceadh arís go dtí go dtéann sé ort i gceart. Ní ceart don
chlogad bogadh chun tosaigh nó ar chúl.
AIRE! Ní ceart duit a bheith in ann an clogad a bhaint nuair atá sé lúbtha. Tá córas coinneála
déarbhaithe ag an gclogad díreach chun nach scaoileann sé i gcás timpiste.
Ní ceart go mbeadh an clogad claonta
siar ar do cheann, chun cosaint ceart a
thabhairt don éadan (féach ar tarraingt).
5) Stóráil, Caomhnú agus Cúram
Ba ceart an clogad a stóráil in áit tirim. Ná déan an clogad a maomh le teocht os cionn 50C (122
F), mar tá seans ann go ndéanfar dochar don chlogad agus go laghdófar a scileanna cosanta. Ná
stóráil taobh thiar de ghloine é, ar nós i gcarr (éifeacht gloine trí thine), in aice le téitheoirí, nó
gearr d'aon fhoinsí teasa eile. Má tharlaíonn sé, déan an clogad a ionadú; tá seans go gcuirfidh
sé isteach ar a héifeacht fiú mura bhfuil fianaise feicthe ann go bhfuil damáiste ann. Ná cuir
greamathóirí nó péint ar an gclogad mar gur féidir le seo a bheith contúirteach do na hábhar agus
go gcuirfidh sé isteach ar a bhfeidhmiú. Ná déan an clogad a athrú agus ná húsáid é d'aon rud eile
seachas a bhfuil ráite cheana féin. Úsáid páirteanna sparála ó bhunús i gcónaí. Má cheapann tú
go bhfuil an clogad tar éis bualadh mór a fháil agus é in úsáid nó eile, fiú mura bhfuil damáiste le
feiceáil ann, déan an clogad a ionadú. Tá saol seirbhíse teoranta ag an gclogad seo agus ba ceart
é a ionadú nuair a léiríonn sé comharthaí caite, nó nuair nach dtéann sé ort I gceart a thuilleadh.
Seacáil ar bhonn rialta má tá aon comhartha dámáiste ar an gclogad. Molann muid ionadaíocht a
dhéanamh ar an gclogad gach cúig bliana tar éis an chéad úsáid. Is féidir an cúr ar an taobh istigh
a bhaint agus a ghlanadh ag úsáid uisce lagthe, glantach neamh-tuaslagóireach agus éadach bog.
6) Báranta
Ní féidir an déantóir a bheith freagrach as aon damáiste díreach nó neamh-dhíreach. Baineann an
bárantas leis na clogaid a bhfuil tar éis a bheith úsáidithe I gceart, ag leanacht leis na treoireacha
mar a léiríítear sa lámhleabhar seo. Ní chlúdaíonn an báranta seo comharthaí ghnáthúsáid agus
caiteamh. Ní chlúdaíonn an báranta aon damáiste a tharlaíonn mar gheall ar timpistí, droch-iompar,
athruithe mícheart nó aon úsáid atá molta ag an ndéantóir. Déanfaidh aon mhionathraithe ag an
úsáideoir an báranta a fholús. Ní chlúdaíonn an bárantas aon damáiste a tharlaíonn mar gheall ar
an clogad a bheith folmhaithe le teochtanna arda.
Déantóir:
NORTHWEST RIVER SUPPLIES, INC.
1638 South Blaine Street
Moscow, ID 83843 – U.S.A.
Teistithe ag Aliénor Certifications - ZA du Sanital 86100 CHATELLERAULT France - 2754
AIRE:
Is le haghaidh canúáil agus spórt bhánuisce an clogad seo. Níl sé le húsáid in (whiterwater Class
5 and 6) mar a tugtar ag (International Canoe Federation). Le haghaidh cosaint ceart, caithfear
an clogad seo a bheith in oiriúnt don caiteoir nó caithfear é a chóiriú go dtí taos an úsáideora.
Dearbhaíodh an clogad seo le cosaint ó bhuaileadh, scríobanna agus comhtholgaidh. Déanadh
an clogad seo le fuinneamh aon bhuaileadh a hionsúigh trí dochar nó scriosadh an sceall agus
úim, agus cé nach mbeidh a leithéid dhamáiste soiléir, ba cheart aon chlogad ar bhuaileadh é le
buaileadh trom a hionadú. Ná athraigh agus ná bhain aon chuid den chlogad atá ann ón bhunús,
ach amháin iad siúd atá molta ag an déantóir. Ní ceart na clogaid a athrú ar mhaithe ceangaltáin
a chuir leis nach bhfuil molta ag an déantóir. Ná chuir péint, soilvéint, greamaitheoirí nó lipéidí
féin-ghreamaitheoireacha ar, ach amháin ag claoi leis na treoireacha ón déantóir. Le glanadh,
caomhnú agus díghalrú, úsáid substaint nach bhfuil droch-éifeacht acu ar an gclogad amháin agus
atá sábháilte don caiteoir, agus a chlaoínn le treoireacha agus eolas an déantóir.

Advertenties

loading