Gaeilge
Faisnéis diúscartha agus baránta
Marcáil DTLL (diúscairt)
Tá an ceanglas marcála DTLL á chomhlíonadh ag
gach táirge GS Yuasa, a seoladh ón 13 Lúnasa 2005 ar
aghaidh, atá faoi réir na treorach DTLL. Tá an tsiombail
DTLL marcáilte ar tháirgí den chineál seo (ar taispeáint
ar dheis) de réir Chaighdeán Eorpach EN50419.
Is féidir an seantrealamh leictreach ar fad a athchúrsáil. Ná caith
aon trealamh leictreach i do bhosca bruscair, aon trealamh a bhfuil
an tsiombail seo marcáilte air san áireamh.
Eolas do chustaiméirí
Is fianaise é an tsiombail ar an táirge nó ar phacáistíocht an táirge
nár cheart an táirge seo a dhiúscairt le do dhramhaíl tí eile. Seachas
sin, tá an fhreagracht ortsa do dhramhthrealamh a dhiúscairt tríd é
a thabhairt chuig pointe bailithe ainmnithe chun dramhthrealamh
leictreach agus leictreonach a athchúrsáil. Má theastaíonn tuilleadh
eolais uait maidir le cá háit is féidir leat do dhramhaíl a thabhairt
chun í a athchúrsáil, déan teagmháil le d'údarás áitiúil nó leis an áit
ar cheannaigh tú an táirge.
Baránta
Tá an táirge seo ráthaithe i gcoinne teip roimh am de bharr
fabhtanna déantúsaíochta nó ábhair le haghaidh tréimhse dhá
bhliain ón dáta ceannaigh. Laistigh de thréimhse an bharánta, ní
mór don chustaiméir teagmháil a dhéanamh leis an soláthraí nó
miondíoltóir údaraithe ónar ceannaíodh an táirge agus cruthúnas
ar cheannach a sholáthar ionas gur féidir an t-éileamh baránta a
phróiseáil.
Féadfaidh athdhíoltóirí barántaí sínte a fhrithghealladh agus a
thairiscint d'úsáideoirí deiridh. Téigh i gcomhairle leis an áit ar
cheannaigh tú an táirge má theastaíonn tuilleadh eolais uait.
Tosaíonn an tréimhse baránta ar an dáta a thaispeántar ar an
gcruthúnas ar cheannach. Níl an baránta bailí ach le haghaidh
cheannaitheoir an tástálaí ceallra agus níl sé inaistrithe.
Má thairgtear ceallra ionaid, clúdóidh an baránta an tréimhse ó
dháta ceannaithe an cheallra bhunaidh ar aghaidh.
83