Gaeilge
Eochaircheap agus LEDanna GS Yuasa GYT117
1. SAIGHEAD SUAS - Brúigh le haghaidh ceallraí 12 Volta agus
chun scrolláil chuig an luach tagartha (20 go dtí 1,200 Símin).
2. ENTER - Brúigh chun an luach tagartha a roghnú, chun tús a
chur leis an tástáil agus chun seoltas a thaispeáint in Síminí (S).
3. SAIGHEAD SÍOS - Brúigh le haghaidh ceallraí 6 Volta agus
chun scrolláil chuig an luach tagartha (20 go dtí 1,200 Símin).
4. VOLTMHÉADAR - Brúigh am ar bith chun an Voltas SD a léamh.
Léiríonn na LEDanna dearga os cionn an eochairchip mód na
tástála agus an luach uimhriúil a thaispeántar ar an taispeáint
(Voltas, Síminí agus céatadán tagartha). Is féidir leat GS Yuasa
GYT117 a úsáid mar Voltmhéadar am ar bith i rith an nóis imeachta
tástála tríd an gcnaipe VOLT a bhrú.
Nós imeachta tástála ceallra
1. Díscoir an ceallra ón gcóras.
2. Nasc na clampaí tástála le teirminéil an cheallra: dearg le
dearfach (+), dubh le diúltach (–).
3. Roghnaigh an voltas tríd an gcnaipe SAIGHEAD SUAS a bhrú
le haghaidh 12 volta nó an cnaipe SAIGHEAD SÍOS a bhrú le
haghaidh 6 volta. Brúigh ENTER.
4. Scrolláil chuig an luach tagartha tríd an gcnaipe SAIGHEAD
SUAS nó an cnaipe SAIGHEAD SÍOS a bhrú. Brúigh ENTER.
(Réamhshocrófar an tástálaí ag an luach tagartha deiridh a
iontráladh).
5. Tosaigh an tástáil trí ENTER a bhrú. Beidh sraith poncanna
ag splancadh ar an taispeáint fad is atá seoltas agus Voltas á
dtomhas ag GS Yuasa GYT117, agus céatadán tagartha á ríomh
aige.
6. Is é an céatadán tagartha an chéad luach a thaispeántar.
7. Chun an luach seoltais iarbhír a thaispeáint (S), brúigh agus
coinnigh síos an cnaipe ENTER.
8. Chun an Voltas a thaispeáint, brúigh an cnaipe VOLT.
80